Is cnoc é Cnoc Montpelier, 383 méadar (1,257 dtroigh) ar airde i gContae Bhaile Átha Cliath, Éire. Club Thine Ifrinn a thugtar air go hiondúil (as Béarla: Hell Fire Club), an t-ainm coitianta a thugtar ar an bhfothrach de fhoirgneamh atá suite ag mullach an chnoic. Thóg William Conolly an foirgneamh mar lóiste seilge timpeall na bliana 1725. Tugadh Cnoc Pelier nó Mount Pelier as Béarla air agus tugadh seo ar an gnoc féin leis ó tógadh an lóiste. Ní fios a thuilleadh céard é bun-ainm an chnoic ach tá Patrick Healy, staraí agus seandálaí, den tuairim go m'fhéidir gur Suide Uí Ceallaig nó Suidi Celi mar a luaitear sa Crede Mihi (leabhar chlárúchán na ndeoisí de chuid Ardeaspaig Bhaile Átha Cliath) é, atá i gceist.
lAn Club Thine Ifreann, ó clé go dheis: Henry Barry, an Coirnéal Clements, Coirnéal Ponsonby, an Coirnéal Richard St. George, agus Simon Luttrell.